Buachaill ón Éirne
CS

كلمات Buachaill ón Éirne

النوعClassico
المدة3:15
اللغة الأصليةCS
المشاهدات278
Aaإعدادات القراءة
حجم النص 18

الكلمات الأصلية

CS
الترجمة غير متاحة بعد. نعرض الكلمات الأصلية.
Buachaill ón Éirne mé 's bhréagfainn féin cailín deas óg Ní iarrfainn bó spré léithe tá mé féin saibhir go leor 'S liom Corcaigh 'a mhéid é, dhá thaobh a' ghleanna 's Tír Eoghain 'S mura n-athraí mé béasaí 's mé n' t-oidhr' ar Chontae Mhaigh Eo Rachaidh mé 'márach a dhéanamh leanna fán choill Gan choite gan bád gan gráinnín brach' ar bith liom Ach duilliúr na gcraobh mar éideadh leapa os mo chionn 'S óró sheacht mh'anam déag thú 's tú 'féachaint orm anall Buachailleacht bó, mo leo, nár chleacht mise ariamh Ach ag imirt 's ag 'ol 's le hógmhná deasa fá shliabh Má chaill mé mo stór ní dóigh* gur chaill mé mo chiall A's ní mó liom do phóg ná'n bhróg atá'r caitheamh le bliain A chuisle 's a stór ná pós an seanduine liath Ach pós a' fear óg, mo leo, mur' maire sé ach bliain Nó beidh tú go fóill gan ó nó mac os do chionn A shilfeadh a'n deor tráthnóna nó'r maidin go trom

المزيد من Traditional

Traditional →

كلمات ذات صلة