Thios Chois Na Tra Domh
SK

Thios Chois Na Tra Domh 歌詞

アルバムClannad
年1973
ジャンルNew Age
時間3:13
原文言語SK
閲覧数587
Aa表示設定
文字サイズ 18

原文歌詞

SK
翻訳はまだありません。原文を表示しています。
Thíos cois na trá domh, in ndoimhneacht na h-oíche An saol mhor ina gcodhladh, 's mise liom féin Na h-éanacha mara ag scairtigh go léanmhar Cosúil le h-anamnacha bochta i bpéin. Iomlán gealaí 's iomlán rabharta Aoibhneas 's ciúineas, 's áilleacht sa domhain Crónán na fairrige ag dul siar ar mo chluasa Bog-cheol an uisce ag sileadh san abhainn. Istigh ar na h-inseáin tá sean-reilig bheannaithe An áit inar mhaireadh naoimh san aimsir fadó Tá daoine istigh ann ag chaith seal go h-aerach Ní shiúlfaidh siad thar fán chladaigh níos mó. Bhuail uaigneas m'intínn 's mé ag amharc ar an reilig 'S mé ag meadhradh ar dhaoine istigh ann ina luí Fir a's mná óga, seandaoine 's páistí Muintir mo mhuintir 's cairde mo chroí. Tá na coiligh ag glaoch 's na réalta ag bánú Tá an ghealach ina luí 's ní fada go lá Slán agat anois a shean-reilig bheannaithe 'S na daoine a shiúlfadh liom síos cois na trá.

Clannad の他の曲

Clannad →

関連歌詞