Na Gamhna Geala
TL

Na Gamhna Geala 歌詞

時間3:00
原文言語TL
閲覧数380
Aa表示設定
文字サイズ 18

原文歌詞

TL
翻訳はまだありません。原文を表示しています。
'S iad mo chuid gamhna, na gamhna geala D'ith siad an féar ach chan ólann siad aon bhainne Snámhann siad anonn is anall ar an Bhanna Ach char bhfearr leo an lomtrá acu ná an lán mara Híoma bíoma bó, 's é mo bhrónsa na gamhna Mailleliú, 's iad mo bhrónsa na gamhna Híoma bíoma bó, 's é mo bhrónsa na gamhna O maidin chiúin sa tsamhradh is gan na gamhna agam á seoladh O, bheirim-se mo mhallacht don tsagart a phós mé 'S an darna mallacht do na bailte móra Siadsan nár chleacht mé riamh i dtús m'óige Ach mé ag rinnce ins a' tsamhradh 'gus na gamhna liom a' seoladh Is beag mo dhúil i gcupaí nó i gcartaí Fuinneoga gloine agus rúmaí bána Ba bhíle b'fhearr liom bheith i gcró beag sa tsamhradh Poll bheith ar a scraith is mé ag éad ar na gamhna O níorbh fhearr liomsa ribín tharam ná buarach O níorbh fhearr liomsa locais faoim ná'n luachaire Píobairí na cruinne 's bíodh a' seinm i mo chluasa 'S go bhfearr liomsa géimneach na ngamhna insa' bhuaillí Híoma bíoma bó, 's é mo bhrónsa na gamhna Mailleliú, 's iad mo bhrónsa na gamhna Híoma bíoma bó, 's é mo bhrónsa na gamhna O maidin chiúin sa tsamhradh is gan na gamhna agam á seoladh 1

Domhnaill Family の他の曲

Domhnaill Family →

関連歌詞