Tóg É Go Bog É
AZ

Tóg É Go Bog É 가사

장르Folk
길이5:25
원문 언어AZ
조회수648
Aa읽기 설정
글자 크기 18

원문 가사

AZ
번역이 아직 없습니다. 원문 가사를 표시합니다.
Gafaithe in áit a líonann an trácht atá mé Gafaithe in áit a chreidfeadh tú é Gafaithe in áit a rialaíonn an trácht a bhí mé N'fheadar conas ach is cinnte go n-éalódh mé Chun imeacht i dtreo na bóithre gan cosán le mo thaobh atá mé Chun taisteal thiar 's thall arís ar bhrollach an domhain atá mé Chun díriú i dtreo an dúchais ar tógadh mé atá mé N'fheadar conas ach is cinnte go shroichfidh mé é Slán agaibh Slán agaibh uilig Slán agaibh Agus buailfidh mé libh arís ar ball Slán agaibh Slán agaibh uilig Slán agaibh Agus tiocfaidh mé ar ais arís ar ball Ag fuascailt na sciatháin atá díomhaoin i mo cheann atá mé Ag lorg radharc lena ritheann an tuiscint léi atá mé Ag lorg sos agus síochán do mo chroí 's mo cheann atá mé Is cuma conas ach go bhfaighfidh mé é Tóg é go bog é Glac é go réidh Tóg é go bog é Ná bí ag troid leat féin Tóg é go bog é Glac é go réidh Tóg é go bog é Tochaill go doimhin ionat féin Tóg é go bog é Glac é go réidh Tóg é go bog é Lig don solas teacht isteach i do shaol Tóg é go bog é Glac é go réidh Tóg é go bog é Tiocfaidh sé nuair a thagann sé Ag lorg áit lena mbuaileann an fharraige leis an spéar atá mé Ag lorg tobar na tinte óna lastar ár saol atá mé Ag iarraidh fás agus forbairt a chothú ar an saol atá mé Agus cúiseanna ceiliúradh a chur chunn cinn timpeall orm atá mé Tóg é go bog é Glac é go réidh Tóg é go bog é Ná bí ag troid leat féin Tóg é go bog é Glac é go réidh Tóg é go bog é Tochaill go doimhin ionat féin Tóg é go bog é Glac é go réidh Tóg é go bog é Lig don solas teacht isteach i do shaol Tóg é go bog é Glac é go réidh Tóg é go bog é Tiocfaidh sé nuair a thagann sé

Kila의 다른 곡

Kila →

관련 가사