Cad É Sin Don Te Sin
GA

Cad É Sin Don Te Sin 가사

장르Folk
길이3:04
원문 언어GA
조회수953
Aa읽기 설정
글자 크기 18

원문 가사

GA
번역이 아직 없습니다. 원문 가사를 표시합니다.
Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Má théim 'na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Má théimse chuig airnéal is rince is spórt Chuig aonach is rásaí 's gach cruinniú den tsórt Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Deir daoine go bhfuil mé gan rath 's gan dóigh Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór Má tá mise i sásta mó chónaí i gcró Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó

Órla Fallon의 다른 곡

Órla Fallon →

관련 가사