Aililiú Na Gamhna
GA

Aililiú Na Gamhna 가사

장르World Music
길이4:37
원문 언어GA
조회수129
Aa읽기 설정
글자 크기 18

원문 가사

GA
번역이 아직 없습니다. 원문 가사를 표시합니다.
Is iníon d'aoire mé Féinig gan amhras Do bhíodh ina cónaí Cois taobh na leamhna Bhí bothán agam féin ann Is fuinneog I gceann de Fad a bhíodh an bainne ag téamh agam 'Sea ghlaofainn ar na gamhna Aililiú na gamhna Na gamhna bána Aililiú na gamhna Na gamhna b'iad a b'fhearr liom Aililiú na gamhna Na gamhna geala bána Na gamhna maidin shamhraidh Ag damhsa ar na bánta Faightear dom cana Is faightear dom bhuarach Is faightear dom soitheach Ina gcuirfead mo chuid uachtair Ceolta sí na cruinne bheith Á síorchur I m'chluasa Ba bhinne liomsa géimneach na mbó Ag teacht chun buaile Rachaimid ar an aonach Is ceannóimid gamhna Is cuirfimid ar féar iad Amach ins na gleannta Íosfaidh siad an féar Is barr an aitinn ghallda Is tiocfaidh siad abhaile chun An bhainne I gcóir an tsamhraidh

Solas의 다른 곡

Solas →

관련 가사