An Spealadóir
MT

An Spealadóir lyrics

GenreFolk
Duration2:50
Original languageMT
Views230
AaReading settings
Text size 18

Original lyrics

MT
Translation not available yet. Showing the original lyrics.
Le meán an fhómhair dá chaitheamh dom Ba mhór dubhach mo scéal Go breoite, brónach, atuirseach Gan sólás insa' tsaol Mo pháircín féir gan gearradh uaim De dheascaibh clainn an Bhreacluain 'Gus féar na gcomharsan treascartha Á chíoradh le gréin Chorus: Dá bhfaighinnse speal ó Shasana 'Gus crann ó Locha Léin Cloch is clár is gaineamh air Ó dhúiche Uí Néill Do chuirfinn faobhar ar maidin suas 'Sheasódh ar feadh na seachtaine Is bearrtha 'bheadh an t-acra Le fáinne an lae Do shmaoiníos féin im' aigne San oíche trím' néal Go raibh beirt fhear óga chalma Do mhaíomh a bhfaobhar Féna ndéin do ghaibh mo theachtaire Chun mo pháircín féin do ghearradh dhom 'S is grámhar, fáilteach freagarthach Do thánadar araon (Chorus) I gcóir is i bhfaobhar bhí speal acu Le fáinne an lae 'S do luíodar siúd go slachtmhar glan Is iad ag baint an fhéir Seala beag don eadartha 'S a lán don lá gan caitheamh fós Do bhí dóthain siúd di leagaithe 'S é bearrtha go cré (Chorus 2x)

More from Muireann Nic Amhlaoibh

Muireann Nic Amhlaoibh →

Related lyrics