Seoladh Na nGamhna
MS

Letra de Seoladh Na nGamhna

GêneroWorld Music
Duração1:46
Idioma originalMS
Visualizações328
AaLeitura
Tamanho 18

Letra original

MS
A tradução ainda não está disponível. Exibindo a letra original.
Tráthnóinín déanach is mé gan mhairg Ag seoladh na ngamhna fén bhfásach Do dhearcas chugamsa an spéirbhean mhaisiúil Chiúin thais bhanúil náireach D'fhiasraíos féin go séimh dhen ainnir An aon ní thar lear a tháinig Ag seoladh na ngamhana 'sea dh'fhágas as baile Ach ceann ní bhfaighidh go lá dhíobh Tá crainnín cumhra i lúb na coille 'Gus raghaimid araon go lá fé Mar a mbeidh ceol binn na n-éan dá síorchur a chodladh Is cuileann is eidhneán ag fás air Gheobhainn cead saor ó mhaor na coille Féar a thabhairt go lá dhíobh Más ag scarúint óna chéile atá chugainn ar maidin Seo póg agus bairrín beag mo láimh chugat Is b'fhéidir le hÍosa fá Oíche Nollag Go mbeimid araon in ann pósadh I seoimrín néata ag pointe an ghleanna 'S an Sagart ag ól ár sláinte Beidh beoir againn go líonmhar go fuíoch gan dochma Is gloine dhen fíon dhonn Spáinneach Beidh puinse againn á roinnt le linn dul a chodladh Is gheobhaimid na gamhna amárach Beidh puinse againn á roinnt le linn dul a chodladh Is gheobhaimid na gamhna amárach 1

Mais de Solas

Solas →

Letras relacionadas