Cad é sin do'n té sin
VI

Letra de Cad é sin do'n té sin

GêneroClassico
Duração4:11
Idioma originalVI
Visualizações568
AaLeitura
Tamanho 18

Letra original

VI
A tradução ainda não está disponível. Exibindo a letra original.
Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Má théim 'na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Má théimse chuig airnéal is rince is spórt Chuig aonach is rásaí 's gach cruinniú den tsórt Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Deir daoine go bhfuil mé gan rath 's gan dóigh Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór Má tá mise sásta mó chónaí i gcró Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó

Mais de Traditional

Traditional →

Letras relacionadas