Eirigh 'S Cuir Ort do Chuid Éadaigh
English

Eirigh 'S Cuir Ort do Chuid Éadaigh şarkı sözleri

AlbümDúlamán
Yıl1976
TürNew Age
Süre4:11
Orijinal dilEnglish
Görüntülenme643
AaOkuma ayarları
Metin boyutu 18

Orijinal sözler

EN
Translation not available yet. Showing the original lyrics.
Eirigh 's cuir ort do chuid éadaigh Go mbearraidh mé féin do chúl Go dté muid 'soir easpag na hÉirne Go gceangaltar mé 'gus tú Bhí grá 's cion agam féin ort A chuid 'en tsaol éalaigh liom 'S nach duine dona gan chéill A scarfadh ó chéile sinn Cuirimse croí ar a' phósadh 'S ar bhuachaillí óga an tsaoil Nárbh fhearr dófa cailín deas óg acu Ná bean agus puntaí léi Oíche mhór fhada sa gheimhreadh Nár dheas bheith 'súgradh léi 'Bhfarras a' chailleach 'srannfaí 'S í 'tarraingt a' plaincead léi Dé Máirt a rinneadh mo chleamhnas Mo chreach 's m'amhgar géar Ghlac mise comhairle mo mhuintir 'S pairt mhór do m'aimhleas é Pósadh mise gan amhras Ar shamhailt do mhnaoi gan scéimh 'S níl aon chailín dá gcasfaí sa ghleann damh Nach rachainn 'un cainte léi Nuair a théimse 'un Aifrinn Dé Domhnaigh 'Sé fhiafraíos gach óigfhear daom 'Chormaic, an bhfuil tusa pósta? Ná an airíonn tú an óige 'choích'? 'Sé abraim is deirim féin leofa Go n'aireochainn go mór fa-raor 'S an méid agaibh atá gan pósadh Gur agaibh atá spórt an tsaoil Ach gheobhaidh mé hata 'gus bróga Agus éireochaidh mé óg arais Agus rachaidh mé amach go Gleann Domhain Sin an áit a bhfuil mórán ban Go bhfaghaidh mé cailín deas óg ann A shiúlas a' ród go glan 'S nárbh fhearr liomsa leis na mná móra Ná cailleach Ghleann Domhain 's a ba extra verses: Aisling a chonaic mé aréir ar leaba agus mé i mo luí, Go dtáinig sí chugam mar fhéirín, ainnir na gciabhfholt buí Bhí a órfholt snoite go féar léi, is níl tuile da mhéid nach gclaíodh, Ó is, a Rí, ér mhiste do chléir é, dá gcodlóinn aréir le mnaoi? Is trua gan mise is an niamh bheag na leice mílte ó chuan, In oileán an Chlochair Bhig Chraobhaig mar a thiteas na néalta chun suain, An áit a mbíonn an nead ag an éanlaith, an fiolar, an ghéag is an chuach, Chuirfinnse gease ar an éan bheag solas an lae thabhairt uainn (title translated; Arise And Dress Yourself) Another Donegal love song where the composer longs desperately to elope with his loved one to a place where he is surrounded only by nature's undisturbed beauty.

Clannad sanatçısından daha fazla

Clannad →

İlgili şarkı sözleri