An cailín deas óg
MS

An cailín deas óg lyrics

GenreClassico
Duration4:41
Original languageMS
Views298
AaReading settings
Text size 18

Original lyrics

MS
Translation not available yet. Showing the original lyrics.
An cailín deas óg a bhfuil mé ar a tóir, Mo chreach mhaidne brón ní castar liom í, Tráth théim go tigh a óil, chuig damhsa, nó spórt, Ach leanfad sa ród í ar uair an mheán oích'. Curfá Mar is tusa an fear óg a shiúlfas go leor, Faigh domhsa seod a bheas agam mar mhaoi, Ná santaigh go deo maoin chaorach nó bó, Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í. Bíodh sí lách óg gan mhairg gan ghruaim, Stuama go leor ar gach uile sheort ní, Tuicsneach ró-dheas gan an iomarca bróid, Siúd í mo stóirín da mbéadh sí gan pingin. Curfá Mar is tusa an fear óg a shiúlfas go leor, Faigh domhsa seod a bheas agam mar mhaoi, Ná santaigh go deo maoin chaorach nó bó, Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í. Bíodh sí gan smál i gclú is i gcáil, Glan ina croí agus séimh ina méin, Gan gangaid nó gráin i mbriathra a béil Is aoibh ar a h-éadan ó mhaidin go h-oích' Curfá Mar is tusa an fear óg a shiúlfas go leor, Faigh domhsa seod a bheas agam mar mhaoi, Ná santaigh go deo maoin chaorach nó bó, Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í. Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í.

More from Traditional

Traditional →

Related lyrics