Táimse im' chodhladh
MT

Táimse im' chodhladh lyrics

GenreClassico
Duration3:04
Original languageMT
Views353
AaReading settings
Text size 18

Original lyrics

MT
Translation not available yet. Showing the original lyrics.
Tráthnóinín déanach i gcéin cois leasa dom Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé Sea dhearcas lem' thaobh an spéirbhean mhaisiúil Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé Ba bhachallach péarlach dréimreach barrachas A carnfholt craobhach ag titim léi ar bhaillechrith 'S í ag caitheamh na saighead trím thaobh do chealg mé Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé Is mó buachaillín óg a thógadh go ceannasach Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé Do cuireadh le foirmeart anonn thar farraige Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé Go bheicfeadh an lá a mbeidh ár ar Shasanaigh Ughaim ar a ndroim is iad ag treabhadh is ag branar dúinn Gan mise a bheith ann mura dteannam an maide leo Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé Ba bhachallach péarlach dréimreach barrachas A carnfholt craobhach ag titim léi ar bhaillechrith 'S í ag caitheamh na saighead trím thaobh do chealg mé Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé

More from Traditional

Traditional →

Related lyrics