Mo Ghile Mear
MS

Mo Ghile Mear 歌词

流派Folk
时长4:10
原文语言MS
浏览量437
Aa阅读设置
文字大小 18

原文歌词

MS
暂时没有翻译,当前显示原文歌词。
Sé mo laoch mo Ghile Mear 'Sé mo Chaesar, Ghile Mear, Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear. Bímse buan ar buaidhirt gach ló, Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeór Mar scaoileadh uaim an buachaill beó 's ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón Ní labhrann cuach go suairc ar nóin Is níl guth gadhair i gcoillte cnó, Ná maidin shamhraidh i gcleanntaibh ceoigh Ó d'imthigh sé uaim an buachaill beó. Marcach uasal uaibhreach óg, Gas gan gruaim is suairce snódh, Glac is luaimneach, luath I ngleo Ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon. Seinntear stair ar chlairsigh cheoil 's líontair táinte cárt ar bord Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó chun saoghal is sláinte d' fhagháil dom leómhan. Ghile Mear 'sa seal faoi chumha, 'S Éire go léir faoi chlócaibh dubha; Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó cuaigh i gcéin mo Ghile Mear. Seal da rabhas im' mhaighdean shéimh, 's anois im' bhaintreach chaite thréith, Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan De bharr na gcnoc is I n-imigcéin.

更多 Mary Black

Mary Black →

相关歌词