Bheadh Buachaillin Deas Ag Sile
GA

Bheadh Buachaillin Deas Ag Sile 歌词

流派World Music
时长2:42
原文语言GA
浏览量239
Aa阅读设置
文字大小 18

原文歌词

GA
暂时没有翻译,当前显示原文歌词。
Bheadh buachaillín deas ag Síle Dá bpósadh sí mé mar fhear Mharóinn an breac ar an taoide Is coinín ar an ndumhaigh chomh maith Ní iarfainn leí capall ná caoire Airgead buí ná geal Mar go mb'fhearr liomsa agam mar mhnaoí í Ná aon inion rí dar mhair Tá máithair gan taise ag Síle Is ní bhraitheann sí a croí rómhaith Tá sparán mór fada aici líonta Ag lorg talamh gan cíos le fear Chuma léi ard é nó íseal Ba chuma léi buí nó geal Ó ba chuma léi cam é nó díreach Ach bheith aige caoire is ba Ní mar sin mar mheasann mo Shíle B'fhearr léi mise na míle fear Mar is meidhreach sea sheinnfinn ar phíob di 'S is greannta do rincfinn dreas Chuirfinnse i dtalamh na síolta Is bhainfinn arís thar n-ais 'S nuair a thiocfainnse abhaile ní bhruíonfainn Ach ag reacaireacht grinn lem' shearc Tá mo mhargadh socair le Síle Is ní bhrisfeadh Éire ar fad Gan spleáchas dá máthair ná muintir Rachaidh sí chun cinn gan stad Pósfainn sa chathair an mhí seo 'S an sagart á dhíol go maith Is ní dóichí go bhfanam sa tír seo Ach ag reachtaireacht síos amach

更多 Solas

Solas →

相关歌词