Bríd Thomáis Mhurchadha
GA

Bríd Thomáis Mhurchadha 歌词

流派Folk
时长2:56
原文语言GA
浏览量145
Aa阅读设置
文字大小 18

原文歌词

GA
暂时没有翻译,当前显示原文歌词。
'S, a Bhideach na gcarad Tuig feasta nach súgradh é Ó thug mo chroí gean duit Ar mhalairt ná diúltaigh mé Má shíl tú mé 'mhealladh Le bladar deas ciúin do bhéil Ach go dtug mise gean duit Seachas cailíní deas an tsaoil 'S, a Bhríd Thomáis Mhurcha Molaimse an barr leat féin Ar ghile, ar fhinne Ar dheise 'gus áille méin Tá a cúilín deas triop'llach 'S í fite mar thrilseán óir 'S an té a bheadh gan amharc Go dtabharfadh sé soilse dó Rachad go Gaillimh Go gceannaí mé gairdín úll Loingeas ar farraig' le haghaidh Bheith a' déanamh spóirt 'Filleadh ó Shligeach dom 'Gus leid bheag 'fháil do m'chomhair 'S ní chónóinn fá bhealach Go mblaisfinn de phóg mo stóir Má bhí mise folamh Dar m'fhocal, ba mhór a' scéal Is a liachtaí bean deas A thug taitneamh do ghlór mo bhéil Dá mbeadh sé 'g cur seaca 'G cur sneachta i ngach ceard den spéir Ach tusa a bheith i m'aice Ní aireoinnse buaireamh an tsaoil 'S, a Aonmhac Mhuire 'Chuir an cuileann tríd a' bhféar a' fás Nach mise an trua Mhuire 'S mé a' caill' lúth na ngéag le grá? Ach má tá sé 'nár gcinniúint Nach féidir dúinn a chéile 'fháil Bíodh tusa 'do choinneal 'S beidh mise i m'fhéileacán

更多 Téada

Téada →

相关歌词