원문 가사
MS번역이 아직 없습니다. 원문 가사를 표시합니다.
Faoiseamh a gheobhadsa
Seal beag gairid
I measc mo dhaoine
Ar oileán mara,
Ag siúl cois cladaigh
Maidin is tráthnóna
O Luan go satharn
Thiar ag baile.
Faoiseamh a gheobhadsa
Seal beag gairid
I measc mo dhaoine,
Ó chrá croí,
Ó bhuairt aigne,
Ó uaigneas duairc,
Ó chaint ghontach,
Thiar ag baile.